CUIR GAOLAINN AIR! (7 lá)

 Ná bí sásta le spléachadh tapaidh: faigh an taithí cheart.

 

Sa turas 7 lá seo cuirfear fíorshaol Iarthar Chiarraí arr do shúile duit, na daoine, an tslí a mhaireadar, an caitheamh aimsire a bhí acu, conas a chaith siad tráthnónta fada an gheimhridh le bia agus deoch, le ceol agus rince, agus ag bothántaíocht.

Is í an Ghaeilge eochair an chultúir shaibhir seo. Foghlaimeoidh tú roinnt focal ar dtús, agus roinnt eile gach lá agus tú ag dul i dtaithí ar iarsmaí saibhre chultújr bhríomhair.

Baileofar tú ag an aerfort, cuirfear fáilte romhat sa lóistín agus tabharfar mionsonraí do shaoire duit.

Caithfidh tú an mhaidin ag cur aithne ar an teanga ársa nua.

I rith na seachtaine, rachaidh tú ar cuairt ar láithreacha áitiúla: láithreacha stairiúla agus seandálaíochta agus (má cheadaíonn an aimsir é) rachaidh tú isteach ar an mBlascaod Mór, an pobal is sia siar in Éirinn ar feadh na gcianta, mar ar mhair cuid de na scéalaithe is cáiliúla ón réigiún.

Sa tráthnóna beidh dinnéar sa stíl áitiúil agat, foghlaimeoidh tú cúpla coiscéim damhsa, agus casfaidh tú ar na ceoltóirí is fearr sa cheantar.

 

Lá 1 Dé Sathairn

Tuirlingt agus taisteal go Corca Dhuibhne, trí Luimneach (Caisleán Luimnigh agus lón), agus Trá na hInse

Ócáid Fáilte/Welcome event, le Jeaici O’Muircheartaig

Lá 2 Dé Domhnaigh

Aifreann i nGaeilge i Sáipéal na Carraige

Maidin: Cur i láthair na Gaeilge

Cuireann Jeaici teanga na háite, An Ghaeilge, i láthair, teanga laethúil an phobail anseo. Bain triail as!

Iarnóin: Turas ama

Faigh amach faoi na hOileáin agus a muintir in Ionad an Bhlascaoid

Tráthnóna: Scéalaíocht agus Amhránaíocht ar an Sean Nós

Lá 3 Dé Luain

Maidin: Cúpla Focal

Tuillleadh focal agus nathanna le Jeaici

Iarnóin: Camchuairt Éireann

An tuaith mar a bhí aithne ag ár sinsear uirthi – de shiúl na gcos, agus béaloideas le cloisint agat feadh na slí

Tráthnóna: Ceardlann Rince Seite

 

Lá 4 Dé Máirt

Maidin: Cúpla Focal

Tuillleadh focal agus nathanna le Jeaici

Iarnóin: Léargas ar an am fadó

Turas Oidhreachta Chorca Dhuibhne

Oíche: Saor

Lá 5 Dé Céadaoin

Maidin: Cúpla Focal

Tuillleadh focal agus nathanna le Jeaici

Iarnóin: Cuairt ar bhaile an Daingin

Tráthnóna: Ceardlann le Ceoltóir/Amhránai áitiúil

Lá 6 Déardaoin

Ar feadh an lae: Turas ar an mBlascaod Mór (má cheadaíonn an aimsir)

Tráthnóna: Béile Traidisiúnta, le tionlacan ceoil

Lá 7 Dé hAoine

Morning: Maidin Chomhrá

Practice your new command of the old tongue

Afternoon: Hands On!

An introduction to traditional local arts and crafts, which could include Naomhóg building, Uilleann Pipes, Local Writers, Bread Making

with special guests

Evening: Béile agus Bronnadh Teastaisí/Meal and Prize-giving

What are you waiting for?