Táimid tiomanta ar do phríobháideachas a chosaint, agus is tábhachtach linn do chuid sonraí. Beimid soiléir trédhearcach maidir leis an eolas fút a bhaileoimid, agus conas a úsáidfimid an t-eolas sin.
Is ionann sonraí pearsanta agus eolas ar bith maidir leat a ligfeadh dúinn tú aithint, ina measc d’ainm, do sheoladh, d’uimhir fóin agus do sheoladh ríomh-phoist.
Aon eolas dá leithéíd a roinnfidh tú linn, déileálfar leis de réir mar a cheadaíonn an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Sonraí pearsnta a bhaileoimid uait ar a láthair seo, ní úsáidfear é ach chun
- eispéaras níos fearr a chur ar fáil duit
- ár láthair a choinneáil slán
- anailís a dhéanamh ar ár gcuairteoirí agus mar a úsáidtear an láthair
- gearán a réiteach
Ní úsáidfear aon sonra a bhailímid fút chun críocha ar bith eile.
Féadfaimid eolas anaithnidithe, nó taifid gan tréithe pearsanta, a bhailiú chun ár gcuid seirbhisí a scrúdú is a fheabhsú. Feadfaimid trácht ar an láthair a chur faoi anailís, mar shampla mar a stopann cuairteoirí á úsáid.
Is ionann fianáin agus comhaid bheaga a sábháilfí ar do ghoireas (fón, taibléad nó ríomhaire) nuair a thugann tú cuairt ar láthair idirlín. Bailíonn siad eolas mar gheall ar conas a úsáideann tú an láthair, na leathanaigh a dtéann tú chucu agus aon idirghníomhú a bhíonn agat leis an ábhar ann. Má bhrúnn tú cnaipe le dul ar mheáin sóisialta as seo, baileoidh fianáin chomhluchtaí na meán sin eolas fút.
Úsáidimid uirlisí anailíse chun eolas a bhailiú maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láthair seo. Cuid den eolas sin do sheoladh IP, a meastar gur eolas pearsanta é. Ní féidir eolas eile pearsanta a bhaint as an seoladh IP.
Ní scaoilimid aon eolas pearsanta fútsa lasmuigh den Limistéir Eacnamaíoch Eorpach (LEE). Má tharlaíonn amach anseo gur gá do chuidse sonraí pearsanta a scaoileadh lasmuigh den LEE, déanfar san faoi réir théarmaí Chaibidil 5 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).