Cúig Cúigí Éireann
Tá clú agus cáil ar áilleacht na hÉireann, thuaidh, theas, thoir agus thiar
Fadó in aimsir na Rithe is na nArd-Rithe, cúig cúigí a bhí in Éirinn. Fanann an traidisiún sin beo ó ré na luath-Chríostaíochta i leith, sa bhfrása “na Cúig Cúigí”, ainneoin gan ach ceithre chúige bheith anois ann.
Tá sean-ríocht na Mí anois ina chontae, agus is ón sean-stair a thagann an leas-ainm atá air, “Royal Meath”. Is ann atá Teamhair na Rí, Brú na Bóinne, Cnóbha, Dubhadh agus iarsmaí eile den sean-saol.
Tá an tír á fhógairt anois faoi chlaochlú margaíochta Slí an Atlantaigh Fhiáin, Croí-Lár na hÉireann, Oirthear Oirearc Éireann, agus Áth Cliath. Féadaimid Tuaisceart Éireann: Fathach Fáilteach a chur leis sin chun an sean-chúigeachas a leanúint!
Tar linn in aon cheann acu nó iontu go léir. Breathnaigh ar a bhfuil le fáil, agus bí i dteagmháil chun turas uathúil a cheapadh duit féin amháin.
Iontais ag gach ceann sléibhe ar an mbealach 2600 km (1600 mile) ar fhad ón Inis Eoghain i dTír Chonaill fad an chósta thiar agus ó dheas go Cionn tSáile i gCo Chorcaí. Ceiliúradh é ar chumhacht na farraige agus na gaoithe a cheap an radharcra sceirdiúil. Agus is anseo is gaire atá na daoine don nádúr agus dá neart, tír a chothaigh ealaíon, drámaíocht, agus ar ndóigh scéalta is ceoil. Mór-thimpeall ar na bailte beaga agus na cuanta iascaigh, tá rianta na staire, agus na réamh-staire leis. Is fánach an áit nach bhfaighfeá iontas éigin ar do shlí!
Read MoreI gCroílár na hÉireann a gheobhaidh tú aga le scíth aerach a ligean, ag tréigean na slite is mó taistil is ag cuartú na loganna iomadúla síochánta atá le fáil ar do shlí. Tá bóithre ann, aibhneacha, canálacha, do rogha bealach le do shlí a dhéanamh timpeall air. Breac le seoda físe agus pobail scoite ina bhfuil croí na sean-Ghael fós le tabhairt faoi ndeara, muintir bharantúil na tire, gheobhaidh tú faoiseamh anseo ó bhuairt an tsaoil, agus athnuachan spioraid. Áit rúin i lár tire, áit ar leith, áit uathúil, roinnfimid leat é agus fáilte!
Read MoreTá Gaeil ina gcónaí cois abhainn na Life ó ré na ClochAoise timpeall 4000 RCh i leith, agus b’ionann agus baile mór é faoin 7ú Aois. Chuir na Lochlannaigh fúthu ann ó lár an 9ú Céad, agus ghaibh fórsaí Normannacha é sa 12ú Céad. Is gairid ina dhiaidh sin gurbh é lár-ionad na cumhachta ag na cóilínithe Caisleán Bhaile Átha Cliath, agus mhair príomhacht na cathrach ar an oileán go dtí deireadh an 19u Céad. Is i mBaile Átha Cliath a tharla príomh-imeachtai Éirí Amach 1916, a raibh de thoradh air scaoileadh chumhacht Choróin Shasana ar an gcuid is mó den tír (scéal níos faide stair Ulaidh ina dhiaidh sin!) le Conradh 1921. Fágann an stair fhada chasta sin a mharc ar an gcathair, le foirgnimh stairiúla, iarsmaí ársa sna músaeim – agus pobal a bhfuil stór cianda scéalta is ceoil acu. Tá iontaisí ag deireadh gach sráide!
Read MoreIs mór is fiú aithne a chur ar Oirthear Oirearc Eireann. áit a dtagann oidhreacht shaibhir ár sinsear agus pobal bríomhar an lae inniu le chéile. Bíodh bia blasta agat, téir ag spaisteoireacht ar shráideanna duirleogacha an mbailte ársa agus i ngáirdíní snasta idir fhiáin agus maisithe. Tóg turas siúlóide sa tírdhreach ardscéimhe, nó buail fút agus éist le scéalta agus miotais an bhéaloidis. Sin nó cuardaigh láithreacha na sean-mhanach ó thús na Críostaíochta is na caisleáin a tháinig i bhfad ina ndiaidh. Tá saibhreas ilghnéitheach le fáil anseo ach é lorg.
Read MoreTá an stair neadaithe go domhain i dTuaisceart Éireann. Síneann sí siar ó na foirgnimh Normannacha a bhí in úsáid go dtí an chéad seo caite, ar nós Caisleán Charraig Fhearghuis, nó a gcomhleithéid atå as feidhm leis na cádta bliain, mar atá Caisleán Dhún Libhse, ach a dhroichead cnáibe fós ar marthan. Ó láthair uaighe Naoimh Pádraig go hEamhain Macha agus na taisí réamh-Chríostaí ann, agus siar i bhfad roimhe sin go Clochán an Aifir, a leagadh síos, meastar, os cionn 50 milliún bliain ó shin. Agus tå an stair chomhaimseartha ann leis, le múrmhaisiúchain agus ceathrú an Titanic a thugann aitheantas don tionscal bád-thógála a bhí chomh tåbhachta go dtí lár na hAoise seo caite.
Níl ansin ach a thús, Tá an Tuaisceart breac le radharcra gan coinne, le háiteanna a bhféadfá do scíth a ligean i measc chomhluadair cairdiúil. Nó ag fiosrú do rogha cineál ceoil. Tå an åit lá d’ionaid choirmeach, tábhairní traidisiúnta agus láithreacha eile ceoil. gan trácht ar fhéilte iomadúla i gcaitheamh na bliana.
Bígí Linn
Turasanna Príobháideacha Saincheaptha
Tá an oiread sin le fiosrú
Is féidir gach cuid dár dturas a chur in oiriúint do do riachtanais shonracha chun do thuras féin a chruthú.