Léigh na téarmaí agus na coinníollacha seo go cúramach sula n-úsáideann tú an suíomh gréasáin seo atá á fheidhmiú ag InspirationalToursIreland.com. Is é InspirationalToursIreland.com an t-ainm trádála atá ag Inspirational Tours Ireland, a bhfuil a oifig chláraithe in 3 Cluain Ard, An Daingean, Co. Chiarraí, Éire (‘muid’ srl, céad phearsa). Tá faisnéis thábhachtach iontu maidir leis na bealaí éagsúla inar féidir leat ár suíomh gréasáin a rochtain agus maidir le do chearta agus d’oibleagáidí.
Cuirtear InspirationalToursIreland.com ar fáil duit ar an gcoinníoll go bhfuil tú ag aontú leis na téarmaí agus na coinníollacha seo.
Is féidir leat na téarmaí agus na coinníollacha seo a phriontáil ach gliogáil ar an íocón priontála i do bhrabhsálaí.

1. Réamhrá

1.1 Trí theagmháil a dhéanamh linn ag InspirationalToursIreland.com ar an suíomh seo nó ar Facebook https://www.facebook.com/inspirationaltoursireland/ maidir le haon cheann dár dturais, deimhníonn tú go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d’aois agus aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus na riailacha (mar ar féidir iad a  leasú agus a phostáil ar ár suíomh gréasáin ó am go ham) a bhaineann go sonrach le do rochtain ar InspirationalToursIreland.com.

1.2 Murar mian leat cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha seo ní féidir leat seirbhísí InspirationalToursIreland.com a úsáid.

2. Cad é Inspirational Tours Ireland agus conas is féidir leat rochtain a fháil air

Ar shuíomh gréasáin Inspirational Tours Ireland tugtar faisnéis duit maidir le réimse turas. Tugann sé deis duit chomh maith teagmháil a dhéanamh linn le sonraí a fháil faoinár dturais agus conas iad a chur in áirithe.

3. Coinníollacha rochtana InspirationalToursIreland.com

Le rochtain a fháil ar InspirationalToursIreland.com d’fhonn níos mó faisnéise a fháil maidir lenár dturais beidh ort a thoiliú go n-úsáidfimid do shonraí pearsanta le teagmháil a dhéanamh leat le linn gnáthchúrsaí ár ngnó. Mura mbíonn cead againn teagmháil a dhéanamh leat ní féidir linn sonraí breise a thabhairt duit faoinár dturais ná áirithint a dhéanamh duit.

4. Barántais mar úsáideoir seirbhísí InspirationalToursIreland.com

Tugann tú barántas, gabhann tú chugat féin agus aontaíonn tú:
4.1 Nach bhfuil aon socrú déanta agat a chuirfeadh isteach ar an tseirbhís a chuireann InspirationalToursIreland.com ar fáil agus nach bhfuil tú faoi aon mhíchumas, srian nó cosc a chuirfeadh cosc ort aon cheann d’oibleagáidí faoi na téarmaí agus coinníollacha seo a chomhlíonadh.

5. Athruithe ar InspirationalToursIreland.com

Forchoimeádaimid an ceart againn féin chun aon athruithe nó ceartúcháin a dhéanamh nó aon ghné de sheirbhís InspirationalToursIreland.com nó de na roghanna atá ar fáil, a athrú, a chur ar fionraí nó a scor, lena n-áirítear do rochtain air. Mura ndeirtear a mhalairt go sainráite, beidh aon rogha nua lena n-áirítear seirbhísí agus/nó airíonna nua faoi réir ag na téarmaí agus na coinníollacha seo.

6. Na téarmaí ceadúnais faoina gcuirimid InspirationalToursIreland.com ar fáil duit

Admhaíonn tú agus aontaíonn tú gur linne an mhaoin intleachtach i suíomh gréasáin InspirationalToursIreland.com agus go bhfuil sé faoi chosaint ag dlí an chóipchirt.

7. Comhlíonadh Dlí Phoblacht na hÉireann

Tá gach dícheall déanta againn le cinntiú go bhfuil ár suíomh gréasáin InspirationalToursIreland.com ag comhlíonadh dlíthe Phoblacht na hÉireann. Ní thugaimid le fios áfach go bhfuil ábhair ar ár suíomh gréasáin oiriúnach nó ar fáil le húsáid i láithreacha lasmuigh de Phoblacht na hÉireann. Is as a stuaim féin a thugann daoine cuairt ar ár suíomh gréasáin ó láithreacha eile agus tá siad féin freagrach as gach dlí infheidhme a chomhlíonadh. Má tá sé in aghaidh aon dlí infheidhme i do dhlínse féin ár suíomh gréasáin a úsáid nó féachaint air, níl údarás agat féachaint ar ár suíomh ná ár seirbhísí nó ar tháirgí atá á dtairiscint trínár suíomh gréasáin ná iad a úsáid agus ní mór duit imeacht as láithreach.

9. Suímh Nasctha

Ní dhéanaimid uiríoll ar bith faoi aon suíomh ghréasáin eile ar féidir leat rochtain a fháil orthu trínár suíomh gréasáin nó a d’fhéadfadh nasc a dhéanamh lenár suíomh gréasáin. Nuair a dhéanann tú rochtain ar aon suíomh gréasáin eile tuigeann tú go bhfuil sé neamhspleách orainn agus nach bhfuil aon smacht againn ar inneachar nó ar infhaighteacht an tsuímh sin. Chomh maith leis sin, ní chiallaíonn nasc chuig aon suíomh gréasáin eile go dtacaímid nó go nglacaimid freagracht as inneachar, nó úsáid, an tsuíomh gréasáin sin agus ní bheidh dliteanas orainn i leith aon chaillteanas nó damáiste a dhéantar nó a líomhnaítear a bheith de bhíthin úsáid nó spleáchas aon inneachair, earraí nó seirbhísí atá ar fáil ar nó trí aon suíomh nó acmhainn eile a úsáid. Is ceart aon imní faoi nasc eachtrach a chur in iúl do riarthóir nó do mháistir gréasáin an tsuímh gréasáin.

10. Dliteanas

10.1 Seachas mar a éilítear ag aon fhoráil reachtúil, eisiann muid gach téarma, coinníoll, barántas, uiríoll nó formhuiniú sainráite nó intuigthe maidir le haon fhaisnéis atá faoi thrácht ar ár suíomh gréasáin nó aon fhaisnéis nó seirbhís a sholáthraítear trínár suíomh gréasáin.

10.2 Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil gach ábhar agus faisnéis a fhoilsítear ar ár suíomh gréasáin cruinn, ach tabhair faoi deara go bhfuil gach inneachar, ábhar agus faisnéis ar ár suíomh gréasáin curtha ar fáil ar bhonn ‘mar atá’ agus glacann tusa lánfhreagracht agus riosca as ár suíomh gréasáin agus as an fhaisnéis  atá ann a úsáid.

10.3 Ní ghlacaimid le haon dliteanas as aon chaillteanas nó damáiste indíreach nó iarmhartach, nó as aon chaillteanas sonraí, brabúis, ioncaim nó gnó (cibé acu díreach nó indíreach) i ngach cás, cibé cúis is cúis leis, fiú más intuartha. In imthosca ina bhfulaingíonn tú caillteanas nó damáiste a eascraíonn as nó a bhaineann le féachaint ar, úsáid nó feidhmíocht ár suíomh gréasáin, nó i dtaca leis, nó úsáid seirbhíse InspirationalToursIreland.com ní ghlacaimid le haon dliteanas as an gcaillteanas nó an damáiste seo cibé acu mar gheall ar mhíchruinneas, earráid, easnamh nó aon chúis eile cibé acu ónár bpáirt féin nó ó pháirt ár seirbhíseach, gníomhairí nó aon duine nó eintiteas eile.

10.4 Is tusa atá freagrach as a chinntiú go mbíonn do chóras ríomhaireachta comhoiriúnach le, agus go gcomhlíonann sé na sonraíochtaí teicniúla go léir atá riachtanach le húsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh gach ábhar atá ar fáil le híoslódáil ar ár suíomh gréasáin saor ó ionfhabhtú, víris agus/nó aon chód eile a bhfuil airíonna truaillithe nó millteacha iontu.

10.5 Ní dhéanann na teorainneacha agus na heisiaimh sa chlásal seo difear do do chearta reachtúla neamh-in-eisiata agus ní bhaineann siad ach a oiread a cheadaítear leis an dlí is infheidhme.

11 Ginearálta

11.1 Féadfaimid aon cheann nó gach ceann dár gcearta agus dár n-oibleagáidí faoi na téarmaí agus na coinníollacha seo a shannadh, a aistriú, a nuachan nó a chur amach ar fhochonradh ag am ar bith.

11.2 Féadfaimid na téarmaí agus na coinníollacha seo a athrú ó am go ham agus an leagan nua a phostáil ar ár suíomh gréasáin, agus ar sin beidh gach úsáid dár suíomh gréasáin faoi riail ag an leagan sin. Ní mór duit na téarmaí agus na coinníollacha ar an suíomh gréasáin a sheiceáil go rialta.

11.3 Is ionann na téarmaí agus na coinníollacha seo i dteannta leis an bPolasaí Príobháideachta ag InspirationalToursIreland.com/privacy-policy agus an comhaontú iomlán eadrainn. Admhaíonn tú nach ndeachaigh tú i mbun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo ag brath ar aon ráiteas, barántas ná cur i láthair a rinne muidne nó aon duine eile agus ar bhonn neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach tarscaoileann tú aon cheart damáistí a éileamh agus/nó na téarmaí agus na coinníollacha seo a chealú mar gheall ar aon mhífhaisnéis (seachas mífhaisnéis chalaoiseach) nach bhfuil sna téarmaí agus coinníollacha ná sa pholasaí príobháideachais. </p> <p>

11.4 Má dhéantar, nó má fhógraítear, aon fhoráil nó téarma sna téarmaí agus coinníollacha seo a bheith mídhleathach, neamhbhailí nó do-infheidhmithe ar chúis ar bith, féadfar an téarma nó an fhoráil sin a dheighilt ó na téarmaí agus na coinníollacha eile agus measfar é a bheith scriosta astu.

11.5 Tá na téarmaí agus na coinníollacha seo agus d’úsáid dár suíomh gréasáin faoi riail ag dlíthe Phoblacht na hÉireann agus géilleann tú do dhlínse neamh-eisiach chúirteanna na hÉireann.

11.6 Ach amháin i gcás oibleagáid íocaíochta, ní bheidh tusa ná InspirationalToursIreland.com faoi dhliteanas maidir le haon mhainneachtain i gcomhlíonadh aon choinníoll i leith an duine eile mar gheall ar chúiseanna nach bhfuil smacht réasúnach agat féin nó againn orthu.

11.7 Ní hionann mainneachtain nó moill ó cheachtar páirtí maidir le hoibleagáid a fheidhmiú faoi na téarmaí agus na coinníollacha seo agus tarscaoileadh na hoibleagáide nó an chirt sin.

11.8 Ní thugann na téarmaí agus na coinníollacha seo aon chearta do dhuine nó do pháirtí ar bith (seachas duitse agus/nó dúinne) de bhun Acht na gConarthaí (Cearta Tríú Pháirtithe) 1999.

11.9 Níl aon chomhpháirtíocht ná gníomhaireacht á chruthú nuair a chláraíonn tú le InspirationalToursIreland.com agus ní chuirfidh ceachtar páirtí a mhalairt in iúl.

11.10 Ní dhéanfaidh tusa ná InspirationalToursIreland.com imeachtaí ar bith a thionscnamh i gcoinne a chéile maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha seo ach amháin má dhéanann an té a bhfuil sé ar intinn aige imeachtaí a thionscnamh tairiscint bona fide a bheith rannpháirteach in eadrán faoi stiúr ag tríú páirtí comhaontaithe nó eadránaí deimhnithe agus an tairiscint sin a bheith diúltaithe ag an bpáirtí eile.  Iompróidh an páirtí a bhfuil sé ar intinn aige imeachtaí a thionscnamh costais an eadránaí ach beidh siad faoi réir ag eadráin ar aon slí.

Ní bheidh feidhm ag an gclásal seo a mhéid go n-éilíonn páirtí amháin urghaire lena leasanna a chosaint.

12. Fógraí

Tabharfar gach fógra dúinne ar líne ag InspirationalToursIreland.com nó duitse ag an ríomhphost nó ag an seoladh poist a thug tú le linn an phróiseas cláraithe.

Meastar fógra a bheith faighte nuair atá ríomhphost faighte ina iomláine (nó ar an gcéad lá gnó eile má fhaightear é ag an deireadh seachtaine nó ar lá saoire poiblí in ionad a fhála) nó 3 lá tar éis an dáta postála.

Trí úsáid suíomh gréasáin InspirationalToursIreland.com deimhníonn tú go bhfuil tú ag glacadh leis na téarmaí agus na coinníollacha seo.