Maidir le inspirational Tours IRELAND

Is gnó teaghlaigh é Inspirational Tours Ireland a eagraíonn turais threoraithe, turais gailf agus seirbhísí chauffeur. Táimid lonnaithe i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí.

Cuirimid turais ar fáil chuig gach ceann de 32 contae na hÉireann, ó Shean-Oirthear Éireann go dtí Bealach an Atlantaigh Fhiáin, ó Aillte an Mhothair go Drioglann Jameson i Mainistir na Corann go Teach Stóir Guinness i mBaile Átha Cliath, agus gach aon áit idir eatarthu!

Cuirimid turais ar fáil chuig gach ceann de 32 contae na hÉireann, ó Shean-Oirthear Éireann go dtí Bealach an Atlantaigh Fhiáin, ó Aillte an Mhothair go Drioglann Jameson i Mainistir na Corann go Teach Stóir Guinness i mBaile Átha Cliath, agus gach aon áit idir eatarthu! 

Níl aon sárú ar an aithne atá againn ar Éirinn, agus tabharfaimid tú ar eachtraí chuig áiteanna nach luaitear fiú sna leabhair treorach! 

Feicfidh tú na hardáin agus na hísleáin, Fágfaidh tú an cosán coiteann agus rachaidh tú chuig áiteanna ná shamhlaigh tú riamh, cothóidh tú uan nuabheirthe, blasfaidh tú miasanna traidisiúnta na hÉireann, imreoidh tú galf ar chuid de na cúrsaí is cáiliúla in Éirinn, tabharfaidh tú cuairt ar chaisleáin, ar mhainistreacha, ar shéipéil ar thoibreacha beannaithe, láithreacha clúiteacha scannán agus a lán eile! 

Níl anseo ach blas beag den méid atá ar fáil uainn.

 Bíonn turais speisialta á dtairiscint againn nach bhfuil ar fáil ó aon duine eile, dóibh siúd is túisce a thagann chugainn. 

Is í aidhm na dturas seo taithí a thabhairt ar shaol na hÉireann, eachtraí agus craic a fhanfaidh i do chuimhne! Cuirimis aithne ar an té a bhunaigh Inspirational Tours Ireland:

Jeaici  O’Muircheartaig

D’fhás mé suas i gcroílár leithinis Chorca Dhuibhe agus an tírdhreach dochreidte seo mórthimpeall orm, na Blascaodaí, Sceilg Michíl, Cnoc Breanainn agus mórán eile, agus theastaigh uaim i gcónaí an áit aoibhinn seo a thaispeáint do chuairteoirí as gach cearn den domhan. Fíoradh an aisling sin nuair a cáilíodh mé mar Threoraí Oifigiúil Turais le Fáilte Éireann. 

Cheana féin, tá daoine ó chian is ó chóngar tar éis taitneamh a bhaint as na turais agus na heachtraí draíochtúla atá eagraithe agam fud oileán uile na hÉireann. Bainfidh tú sult agus aoibhneas as scéalta croíúla faoin saol fadó agus faoi nósanna agus traidisiúin na hÉireann agus tú ar do chamchuairt ar ár n-oileán álainn. 

Ná bíodh aon iontas ort má bheannaíonn daoine dom i ngach aon áit. Tá aithne ag go leor orm agus déanaim gach iarracht a chinntiú go mbeidh drogall ort ár n-oileán a fhágáil, agus go mbeidh tú ag tnúth go mór le filleadh!
Maireann an grá sin go buan!

Rugadh mise i bhaile beag ag bun Chnoc Bréanainn, agus is í an Ghaeilge amháin a bhí agam go dtí go raibh mé dhá bhliain déag d’aois. Ó bhíos an-óg bhí mé faoi dhraíocht ag béaloideas, traidisiúin agus nósanna na hÉireann, agus bhláthaigh mo ghrá do gach rud Gaelach.

Cruthóidh Jeaici an turas a theastaíonn uait féin agus cuirfeadh sé in oiriúint duit é. Beidh tú mar bheadh ball den teaghlach ar feadh do thurais. Tá pacáistí speisialta teoranta aige chomh maith nár cheart duit a chailliúint.

Nuair atá do thuras go hÉirinn á phleanáil agat, déan do chomhrá le Jeaici in Inspirational Tours Ireland agus cabhraigh leis turas do shaoil ar ár n-oileán álainn a eagrú. 

Ní bheidh aiféala ort!

Glaoigh orainn

Cén mhoill atá ort?