Turais PHRÍOBHÁIDEACHA AR CHORcA DHUIBHNE

I gceartlár na Gaeltachta in Iarthar Chiarraí

Tá an oiread sin le feiceáil ar leithinis cháiliúil Chorca Dhuibhne, ó thigíní Gorta go clocháin choirceogacha, tránna agus láithreacha scannán (Ryan’s Daughter agus Star Wars), Oileáin na mBlascaod agus Cnoc Bréanainn, toibreacha beannaithe, aireagal Ghallarus agus caisleáin Normannacha.

 BUAICPHOINTÍ AN TURAIS

An Dún Beag 

Sráidbhaile Fhionntrá 

Cuan agus Céibh

 Clochán coirgeagach LuathChríostaí 

Tigíní Gorta 

Trialacha Madraí Caorach 

Uainíní nuabheirthe (séasúrach) 

Ionad an Bhlascaoid (le físeáin faoin saol sa Bhlascaod fadó) 

Com Dhíneol, Béal Bán agus Trá an Fhíona 

Aireagal Ghallarais 

An Dún Mór 

Radharc Túr Éisc 

Cé Dhún Chaoin 

Potaireacht Louis Mulcahy 

Sráidbhaile Bhaile an Fheirtéaraigh (Lón traidisiúnta Éireannach i dtabhairne áitiúil) 

Láthair mainistreach Riasc 

Dingle Crystal 

An Chonair

 agus a lán lán eile!

 

 cuimhneacháin iontacha

Tá sé d’aidhm againn turas chomh speisialta agus is féidir a eagrú duit agus go bhfágfaidh Corca Dhuibhne le cuimhní iontacha.

Stopfaimid ar feadh na slí le seans a thabhairt duit taitneamh a bhaint as gach radharc agus an oiread grianghraf agus is maith leat a ghlacadh. 

Is féidir gach ceann de na buaicphointí nó iad go léir a athrú le turas níos giorra a thabhairt duit más é sin is fearr leat. 

Beidh lúcháir orainn turas Chorca Dhuibhne a dhearadh de réir mar a theastaíonn uait féin. Déan teagmháil linn le breis eolais a fháil.

Cén mhoill atá ort?