láithreacha Stairiúla Éireann

 láithreacha stairiúla éireann

 

Múrmhaisiú Bhéal Feirste

Faigh tuiscint ar ‘Na Trioblóidí’ ón ealaín atá péinteáilte ar na tithe ina gcónaíonn na daoine a mhair tríothu. Tá scéalta agus teachtaireachtaí láidre na n-eachtraí agus na ndaoine léirithe go mion sna híomhánna seo. Is taifead iad ar an stair agus ar mhothúcháin láidre na ndaoine a chónaíonn ina measc. Bíonn na daoine anseo an-sásta na scéalta a bhaineann leis na pictiúir a insint.

Sceilig Mhichíl

Mainistir ón 6ú haois. Is ann a cuireadh cuid de radharcanna scannáin Star Wars VII, VIII agus IX ar taifead. Tá aird an domhain ar na carraigeacha spuaiceacha anseo ó rinneadh an scannán. Is láthair fhíorspéisiúil nádúrtha é chomh maith agus ionaid stairiúla mórthimpeall air a chaithfidh tú a fheiceáil.

 

 

 

Drioglanna

Foghlaim scéal an uisce beatha in Éirinn, conas a déantar é, agus blaisigh do sháith de.

 Is cuid d’oidhreacht na hÉireann é agus ní mór do gach éinne a bhfuil dúil san uisce beatha a fheiceáil conas a dhéanaimid é. 

Cuireann go leor de na drioglanna taispeántas spéisiúil ar siúl do chuairteoirí faoin tslí ina ndéantar an t-uisce beatha.

 

Béal Feirste: Ceantar an Titanic

Is anseo a tógadh an RMS Titanic, an long ba cháiliúla a sheol riamh, buail isteach agus foghlaim conas a thosnaigh an scéal go léir.

 

Páirceanna Náisiúnta

Tá bláthanna, ainmhithe, tírdhreach agus fiadhúlra na tíre le feiceáil ina ghnáthóg nádúrtha sna páirceanna seo.

 

Scrín Chnoc Mhuire

Ionad idirnáisiúnta urnaí agus oilithreachta do chách a thagann ó chian agus ó chóngar. Éist le scéal Thaispeánadh Chnoc Mhuire sa bhliain 1879.

 

 

Brú na Bóinne

Tuama ársa Pasáiste a tógadh timpeall 3200RC. 

Tá an tuama níos sine ná Stonehenge agus Pirimidí na hÉigipte.

Tá cáil air mar gheall ar an rud a tharlaíonn ann ar an lá is giorra sa bhliain.

Tar go bhfeice tú!

 

 

Cluain Mhic Nóis 

Láthair mainistreach a bhunaigh Naomh Ciarán sa bhliain  550AD. Ceann de na lonnaíochtaí Críostaí is sine san Eoraip atá ann

 

 

Oileáin Árann

Grúpa oileán Gaeltachta ar chósta thiar na hÉireann. 

Tá Fothracha Meánaoiseacha orthu.

Dún Aonghasa, daingean réamhstaire. 7 n-eaglais 

Tá na hoileán lán d’oidhreacht na hÉireann, agus de bhéaloideas agus tugann siad spléachadh dúinn ar an saol mar a bhí in Éirinn fadó

 

 

Baile Átha Cliath

Is anseo atá Leabhar Cheanannais, Teach Stóir, grúdlann agus músaem Guinness, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Ardeaglais Chríost, Ardeaglais Naomh Pádraig.

Mar phríomhchathair na tíre, tá a lán le feiceáil, chomh maith le tithe tabhairne agus imeachtaí oíche. Blaisigh siamsaíocht na hoíche i mBarra an Teampaill nó i dteabh tabhairne an Brazen Head, a bunaíodh 900 bliain ó shin agus atá fós ar mairthean

 

 

An Cheathrú Mhór

An reilig mheigiliteach is mó in Éirinn. Ciorcail Liag. Cromleaca agus mórán eile.

 

 

Achaidh Chéide

Láthair ársa neoiliteach leis an gcóras páirceanna is sine ar domhan.

 

 

Caiseal na Rí

Feicfidh tú an láthair iontach seo ag gobadh aníos in aice le lár na tíre. Tá sé lán d’fhoirgnimh meánaoiseacha. Cloigtheach Ardchros. An áit is fearr le hIan!

 

 

Caisleán na Cathrach

Áit chónaithe chlann de Buitléir ar Abhainn na Siúire

 

 

Mainistir Sheireapúin

 

Mainistir Chistéirseach a bunaíodh sa 12ú haois. Clabhstra le stuara snoite, snoiteáin iontacha.

 

 

 

Ardeaglais na Gaillimhe

Ardeaglais Chaitliceach Rómhánach. An ardeaglais dheireanach in Éirinn a tógadh le clocha.

 

 

Gleann Dá Loch

Lonnaíocht mainistreach ón 6ú haois a bhunaigh Naomh Ciarán, atá curtha i bpluais dhoshroichte ar an loch, a deirtear. Tá an áit neadaithe i ngleann oighreach, agus ar maos sa stair. Tá áiseanna maithe anseo agus siúlóidí agus radharcanna iontacha do dhaoine eachtrúla. Áit iontach le haghaidh picnic i measc an dúlra agus na staire.

 

 

Cnoc na Teamhrach

Ceannáras Ard-Ríthe Éireann

 

 

Dún Pádraig

Mar a bhfuil Naomh Pádraig é féin curtha 

 

 

Clochán an Aifir

Láthair thaibhseach nádúrtha Colúin bhasailt a cruthaíodh le bolcáin anallód

 

 

Na Sceacha Dorcha

Seoid nádúrtha eile. Aithneoidh lucht leanúna Game of Thrones an áit seo láithreach

 

 

Doire Cholm Cille

 

Bhí clú ar an gcathair seo le linn na tréimhse ar a dtugtar Na Trioblóidí. An chathair mhúrtha dheireanach a tógadh san Eoraip. Tá a lán scannán faoi na Trioblóidí suite sa chathair seo chomh maith agus is í a spreag an t-amhrán ‘Sunday bloody Sunday’ le U2. “Londonderry” ainm oifigiúil na cathrach, ach tugann formhór na ndaoine Doire (nó Derry) uirthi.

 

 

 

Caiseal Stéige

Lios nó ráth a tógadh san Iarrannaois.

 

 

Aillte an Mhothair

Seoid álainn nádúrtha eile ar an gcósta thiar. Áit le stánadh amach ar an Aigean Atlantach agus a bheith faoi dhraíocht. Áit nach mór cuairt a thabhairt uirthi ar thuras ar bith.

 

 

Teach Mhucrois

Teach Mór taibhseach ón 19ú haois

 

 

Cromleac Pholl na Brón

Tuama ursanach neoliteach a tógadh idir 4200 agus 2900BC.

 

 

CUIR DO THURAS IN ÁIRITHE ANOIS DÍREACH

An bhfuil meastachán faighte agat cheana féin do do phacáiste?

Má tá, féadfaidh tú saoire do shaoil a dheimhniú anois le híocaíocht shábháilte shlán trí PayPal.

Níl le déanamh ach an méid atá luaite a iontráil thíos agus “Buy Now” a bhrú.

Má theastaíonn meastachán uait glaoigh orainn ag +353 (0)87 258 6374

cén mhoill sin ort?